1. |
Gailtín Tí Mhóir -Live
02:59
|
|||
Gailtín Tí Mhóir ní pósfaidh mé go deo,
Bíonn sé sciúradh na scein 's a leagaint ar bhord,
Ach siúlfaidh mé an ród leis an buachaill deas óg,
'Sé a shaothróchadh an tárán 'sa bhainfeadh an mhóin.
II
Is ag Neidí atá an cú is deise ar a lúth
A dtáinig nó a dtiocfadh ar an talamh níor shiúil,
Ach an Bran a bhí ar tús a chuir Mac Mathúin faoi smúid
Le ceol bhinn deas guaillí a chuirfeadh chun suaircea Mac Cumhaill.
III
Rachaidh mé ar cuairt chun an bhaile udaí suas,
An áit a bhfeicfidh mé mo stóirín, is í a thógfadh dúinn cian,
Glórtha a cinn a bheirfeadh an rumghlór ón toinn,
Bheirfeadh an gormghlas ón cheobhrán agus an smóilín ón choill.
IV
Caidé an fáth domh bheith ag caint ar scéimh deas na mná? Is í a scríobfadh ar an chounter lena cinnphen ar clár;
A leithéid níl le fáil sa Fhrainc ná sa Spáinn,
Tá mo dhóthain mar chéile inti, is í scéimh na mban breá.
V
Is aici atá Leitir Mhic an Bhaird,
Coileán den chineál a chuirfeadh anonn an fia ab fhearr; Chan tú atá mé a ráit, anois ná go brách,
Is í gile na Finne í, is í scéimh na mban breá.
VI
Tá mé ‘mo luí le corradh is le mí,
Le ráithe mhór fada is an bás do mo chloí;
Cé a dhíolfas an cíos, nó mionearradh an tí
Nó carta ón mhnaoi leanna atá le fada gan díol?
|
||||
2. |
||||
I
Siúd í an Spéic Seoigheach a thógáil go hinntinneach,
idir baillte móra ‘gus ógánaigh aeracha
‘ smo lil_ló aba bó
S morulann hillann hólann hillann morulann hillann agus hoch
S morulann hillann hólann hillann mor u_lann deiri nann
II
Bhí mise maidin mhárta ag gabháil tríd na portaithe
‘s casadh cailín óg orm, ‘s a bróga na hucht aici
‘smo lil_ló aba bó
S morulann hillann hólann hillann mo rúlann hillann agus hoch
S morulann hillann hólann hillann mo rú_lann deiri nann
III
Bhí mé lá aerach ar aonach na Carr’ s mé g’ól
Thug mé géan éigin do iníon an bhodaigh mhóir
‘smo lil_ló aba bó
S morulann hillann hólann hillann mo rúlann hillann agus hoch
S morulann hillann hólann hillann mo rú_lann deiri nann
IV
Siúd ort is diúg ort is naoi gcéad míle fáilte romhat,
Dá mbeadh lionn agam a rún’ is mise d’ólfadh do
‘smo lil_ló aba bó
S morulann hillann hólann hillann mo rúlann hillann agus hoch
S morulann hillann hólann hillann mo rú_lann deiri nann
|
||||
3. |
An Muiltín -Live
02:44
|
|||
I
Bhí muiltín beag agam ar téadall,
A lig mé leis fhein a chionn,
Ach go beidh go chaill mé mo mhuirnín ,
Ní bheadh ach mo scarú ann,
Shiulfaidh sí liom achan áit,
Frid altan is barr na mbann,
Tá na madaí mo dhiaidh achan lá,
'S tá Hiudaí gan grásta liom.
II
Ní athruighthear mise 'rith lae,
Tá m'asnacha géar i mo dhruim,
'S níorbh' eagla go rachainn-se ar strae,
Dá leigfeá liom fhéin mo chionn.
Dá leigfinn-se thusa de'n téad,
B'aithreach dom fhéin dá chionn,
Is gan fhios cá rachainn do dhéidh,
S’an olann a bheinn gan mhoill.
III
Fuigfidh mé 'n lomairt mo dhéidh,
Fág giobach mo bhléan 's mo dhruim,
Is caithfidh mé 'n Nollaig fá phléisiúr,
Thoir ag cuid caorach Toim,
Nuair a chuaigh mé isteach ar an tréad,
Níor thaispeán siad fabhar dom ann.
Chionn ‘s go rabh mé 'mo Ghael,
Is cha raibh croí acu d'aon ach Gall.
|
||||
4. |
||||
I
Níl tom glas coilleadh nó lúibín na n-éan,
Thart siar fá Bhaile ‘n Tobar, ná go hÁrrain na Naomh,
Ná gur shúil mé faoi thuirse, ar bharr rúnsearc mo chléibh,
Ag dúil go bhfuighinn a mealladh, agus sháraigh sí mé.
II
Mo shuí nó mo sheasamh, níl mé chroí slán ,
Istigh ann mo leaba is measa mar a táim,
Oidhreacht na cruinne 'á bhfuighinn-se ar mo láimh,
Go dtabharfainn duit a shearcadh ar an aon phóg amháin.
III
Tá coim aici níos gille na cleibhreann na n- éan,
Tá an rós ina leaca agus is ró- dheas a béal;
Tá níos fearr na sin aici, umhlaíocht ‘s a méin,
Is é mo thrua gan mé is mo chailín i rúm seal linn féin.
V
Thug mise cion dithe nuair a bhí mé beag óg,
Níor athraigh m'intinn mór mar atá,
Níor bhfearr liom cúig mhíle punta den ór,
Nó go gcloífinn istigh i m'aignidh sa chaoi is nach mbeinn beo
|
||||
5. |
||||
I
S'iomaí coiscéim fada idir mise 'gus mo ghrá,
Fuair mé síos an bealach agus chaoin mé mo sháith,
Chonaic mé cailín dáthúil agus ise teacht ón bhád,
Och an bhfaca tú mo Phadaí, nó an bhfuil se ar an bhád?
II
S'iomaí coiscéim fada idir mise 'gus mo ghrá,
Labhair an cailín dathúil liom: Tá Padaí ar an bhád,
'Siomaí cailín deas, monuar, a tífidh sé ar an bhád,
Ó, is mé bhí cúrtha cráite nuair a mhoithigh mé mo sháith.
III
'Siomaí coiscéim fada idir mise 'gus mo ghrá,
Tháinig mé 'na bhaile nó ní rabh sé ar an bhád,
Shuigh mé cois na tine agus chaoin mé mo sháith,
Ó, is mairg gan mé in Albain ná'n Sasain go bráth.
|
||||
6. |
Ba Eoghan Búrcach -Live
03:13
|
|||
I
Ó fúist a 'níon agus ná bí cráite,
Nach fusa fear eile fháil ná dís dearthár,
Tá súil 's Rí agam gurb iad mo chlann a thing
Agus an Búrcach an chúl duine a fágadh.
II
Tá súil is a Rí agam gurb iad do chlann a fágadh,
Donnchadh fionn geal, chéad mhac mo mháthra,
Agus an Búrcach a theacht ón ghabhadh,
Nach leis fhéin a ba trua mo chás-sa.
III
A mháithrín dílis can mar is cóir duit,
Nach é do chliamhain uasal óg é,
Ní hé mac mná na mbailteach mór é,
Is gur in a chliamhain ag an iarla ba chóir é.
IV
Nach é a dhéanfadh mo cheann a dheasadh,
Nach é a dhéanfadh mo bhróga a bhreacadh,
Is leis go ndéanfainn-se casóid m’ocrais,
Nuair nár mhór uaim fhéin glacadh.
V
Ó druidigí thart, mná na gclóca,
Seo feoil chugaibh is chan feoil chóir í,
Ní feoil mhuice ná caorach rósta,
Ach an Búrcach, i dtús a óige.
|
||||
7. |
Róise Phéacach - Live
03:02
|
|||
I
Sí mo Róise Phéacach an óigh bhéasach,
De phór Raghailleach is corcra grua.
A bhfuil na foilt chraobh chasta den ór mear lasta,
Ag ghabháil síos léithe in imeall gach dual.
An ealach glégeal is binne déadaí,
Dántaí, rannta amhráinis duain,
Is mór an éifeacht ag gaiscí Éireann
Gan a dul in éagaibh de ghrá 'ins an uaigh.
Ar mo chaoin Róise tá na naoi n-ór fholt,
Ag síorchórnadh agus fadú go fear,
Agus gach dlaoi treorú ar shlí an ómra
Ag síorlonrú agus ag casadh mar théad.
Tá trí seoda aici, ní is córtha
Chloígh cágaa loit is Gaeil is Gaill
Sí is róghile ina píob óir lileach,
Is a dhá chíoch bhána chruinn ina chliabh
III
Tá ceo meala le barr blastacht,
San aoibh cheansa atá ar a béilín binn,
Agus a dhá leiceann mar chlúmh na heala,
Mar loinnir ghloine, ná mar eala ar toinn.
Gach bánbhachallina cattail airgid,,
Ag fás go huaibhreach léi ina bpéarlaí slim
‘S iad a b’fhearr áilleachta dá dtearn astar,
De lúbaí luascaidh riamh ar cheann
|
Streaming and Download help
If you like Catriona Gribben, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp